Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag imeacht go hAlbain, nuair a chríochnaigh sé ar an Lagán i 1944, nuair a chríochnaigh an cogadh. Bhí sé ag obair in Fife ag feirmeoirí, bhí léir daoine as an bhaile ansin fosta agus iad ina gcónaí i mbotaí. Bhí scéal aige fosta fá thaibhse sa bhotaí. | 00:06:59 | |
Am an chogaidh thall in Sasana, cha ndeachaigh siad chóir Public Works le obair a fháil ar eagla go dtógtaí isteach san arm iad. | 00:01:58 | |
Ag imeacht go Sasana go Northampton agus Coventry ar dtús ag obair ar scéim tithíochta, obair tógála. | 00:03:29 | |
Ag imeacht go York ag obair in monarcha beet, cur síos ar a am anseo agus an obair a bhíodh le déanamh acu. | 00:03:12 | |
Ag imeacht go Manchain ( Manchester) ag obair i dtolláin, bhí Charlie Curran leis. Droch tholláin a bhí ann, cloch/carraig sclátaí ag titim isteach, daoine gortaithe go minic agus cnámha briste. | 00:04:54 | |
D'imigh se go Falkirk, d'oibrigh se le Wimpy ansin tamall, an cineál céanna oibre, timpiste a tharla sa tollán. Scéal faoi Horse Mc Bride. | 00:05:36 | |
Stáisiúin Cumhachta, obair ar scaffoild go minic, a léir daoine gortaithe fosta. 7 nó 8 bliana ansin, nuair a tháinig sé na bhaile nuair a bhí a mháthair mór marbh, chonaic sé daoine a d'oibrigh leis agus droch bhaill ar a sláinte, d'athraigh sé a chuid oibre ansin nuair a chuaigh se ar ais. | 00:03:31 | |